Members' Statements – in the Northern Ireland Assembly at 10:30 am on 3 December 2024.
Inniu táimid ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas. Tugaimid aitheantas don mhaith a dhéanann daoine faoi mhíchumas do leas an phobail. Aithnímid fosta na deacrachtaí a bhíonn ann do dhaoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar sheirbhísí, fostaíocht agus deiseanna eile atá neamhiontach ag daoine eile sa phobal.
Bíodh gur tionscnaíodh Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas thiar sa bhliain 1992 is amhlaidh a chuirtear go fóill constaicí go leor i mbealach daoine faoi mhíchumas.
Bhí díospóireacht againn an tseachtain seo caite ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a bheith ina chuid den dlí againn anseo. Is cinnte go mbeadh sin ina chuidiú le daoine faoi mhíchumas a chosaint, ach tá rud is suntasaí ná sin a thiocfadh linn a dhéanamh: cluas le héisteacht a thabhairt dóibh. Is ag na daoine faoi mhíchumas iad féin is fearr a fhios cad é atá le déanamh.
"Faic fúinn, gan chead uainn," sin mana atá ag an ghluaiseacht dhomhanda ar son chearta na ndaoine faoi mhíchumas. Thiocfadh linn uile go léir rud éigin a fhoghlaim ón mhana chéanna. Caithfear barúlacha agus tuairimí daoine faoi mhíchumas a chur san áireamh i ngach aon dlí dá rithimid sa Teach seo.
Ní bhfaighimis de chroí dlíthe a rith thar ceann cuid ar bith eile den phobal gan na dlíthe sin a cheadú leo ar dtús. Leoga, bíonn próiseas comhairliúcháin againn agus bíonn comhrá againn leis na daoine a rachaidh an dlí i bhfeidhm orthu. Cad chuige nach ndéanfaimis amhlaidh i gcás daoine faoi mhíchumas? Tá an ceart ar fad acu nuair a deir siad, "Faic fúinn gan chead uainn."
Ba cheart do lucht déanta beartas cluas a chur orthu féin ach chan é sin amháin, ba cheart daoine faoi mhíchumas a bheith i measc lucht ceannais láithreach bonn.