An Lá Idirnáisiúnta um Pá Comhionann

Members' Statements – in the Northern Ireland Assembly at 10:45 am on 24 September 2024.

Alert me about debates like this

Photo of Declan Kearney Declan Kearney Sinn Féin 10:45, 24 September 2024

Bhí an Lá Idirnáisiúnta um Pá Comhionann ann Dé Céadaoin seo caite. Is fada muid ag streachailt le pá comhionann as obair chomhionann a bhaint amach. Mar sin féin is lú an luach saothair a fhaigheann na mná ná na fir go fóill i ngach aon réigiún den domhan.

Meastar gur 20% an bhearna phá idir na hinscní ar bhonn domhanda. D’fhógair an Roinn Eacnamaíochta anuraidh go bhfaigheann na mná anseo 7·8% níos lú mar luach saothair ná mar a fhaigheann na fir, beag beann ar an phatrún oibre atá i gceist. Mar sin de, má fhaigheann fear anseo aon phunt amháin as obair a dhéanamh, ní fhaigheann bean anseo ach corradh beag le 92 phingin as an obair chéanna a dhéanamh.

Níl sé dlite ar chomhlachtaí anseo tuairisc a thabhairt ar an bhearna phá idir na hinscní murab ionann is comhlachtaí sna Sé Chontae is Fiche nó comhlachtaí i Sasain. Mar sin de, má chuireann bean isteach ar phost i Luimneach nó i Learpholl, beidh a fhios aici cad é an bhearna sa luach saothair in aghaidh na huaire a fhaigheann na fir agus na mná sa chomhlacht sin agus an bhearna sna bónais a fhaigheann siad fosta. Má chuireann an bhean chéanna isteach ar an phost chéanna i Latharna, áfach, beidh sí dall ar na difríochtaí sin.

Tá Comhaltaí ar gach taobh den Teach ar aon tuairim faoi phá comhionann a thabhairt as obair chomhionann. Ach má tá féin is fadálach an dul chun cinn atá á dhéanamh leis an bhearna phá a chúngú. Ní líonfar an bhearna sa phá anseo go raibh straitéis againn ar phá chomhionann idir na hinscní agus plean againn leis an straitéis sin a chur chun feidhme.

Chomh maith leis sin, ní mór rialacháin a thabhairt isteach ar thuairisciú na bearna pá idir na hinscní ionas go n-éireoidh na comhlachtaí féin ina gcuid de réiteach na faidhbe mar is amhlaidh dóibh é sa chuid eile den oileán seo agus, leoga, sa chuid eile den Eoraip.