Lá Idirnáisiúnta an Daonlathais

Members' Statements – in the Northern Ireland Assembly at 12:45 pm on 16 September 2024.

Alert me about debates like this

Photo of Pat Sheehan Pat Sheehan Sinn Féin 12:45, 16 September 2024

Rinneadh Lá Idirnáisiúnta an Daonlathais a cheiliúradh inné.

Tá feidhm ríthábhachtach ag an aos óg sa daonlathas a chur chun cinn. Ní mór dúinne, mar pholaiteoirí, bheith ag éisteacht leis an mhuintir óga, nó is iadsan a bheas thíos, nó thuas, leis na dlíthe a dhéanaimidne inniu. Caithfear a chinntiú go mbeidh tuairimí na chéad ghlúine eile i gcroílár na ndlíthe a rithimid inniu. Má chítear don aos óg go dtugann polaiteoirí cluas le héisteacht dóibh agus go bhfuil meas ag lucht déanta beartas ar a dtuairimí, is amhlaidh is mó páirt a ghlacfaidh siad i bpróiseas an daonlathais. Mar sin de, molaim go hard an obair fhiúntach atá Tionól na nÓg a dhéanamh anseo. Tugann sí seans do dhaoine óga tuiscint is fearr a fháil ar na hinstitiúidí seo againn.

Is iomaí masla agus anró a thugtar don daonlathas ar na saolta seo, idir an mhífhaisnéis agus an bhréagaisnéis ar líne, agus an pobalachas atá ag éirí níos coitianta i rith an ama ar fud an domhain. Cuireann an mhífhaisnéis gangaid agus goimh sa phlé polaitíochta, cuireann sí pobail in adharca a chéile agus cuireann sí amhras ar dhaoine faoi institiúidí daonlathacha. Dá mhéad daoine óga atá rannpháirteach sa daonlathas, is amhlaidh is mó guthanna a bheas ann leis an mhífhaisnéis úd a bhréagnú.

Caithfimid an chéad ghlúin eile a spreagadh le bheith páirteach sa daonlathas. Déanaimid sin trí thionscadail amhail Tionól na nÓg, trí chluas le héisteacht a thabhairt don aos óg agus trína léiriú dóibh go bhfuilimid ag déanamh beart de réir a mbriathair.